Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An obair a bhí ag a athair agus é ag obair i dteach an gheafta. Théadh sé ar an traein a fhad leis an Chraoslach agus Ailt an Chorráin. Bhíodh na ráillí aige le hamharc ina ndiaidh. | 00:04:16 | |
A chuimhne ar an mhóin ag imeacht ar an traein as Mín Doire Dé Domhnaigh, thagadh an mhóin go Mín Doire ar bheithígh agus ar charranna i rith na seachtaine. | 00:01:23 | |
Traein gaile a bhí inti agus bhí tanc mór uisce ar an Chraoslach fá na coinne. | 00:03:28 | |
Is iomaí uair a chuaigh sé ar an traein amach ‘un Chraoslaigh. Bhí a dhá mháthair mhór ina gcónaí ar an Chraoslach agus a chuimhne ar na laethanta saoire a chaith an teaghlach ar an Chraoslach. | 00:02:07 | |